![Podcast Cover](https://d3wo5wojvuv7l.cloudfront.net/t_square_limited_480/images.spreaker.com/original/d3122a1207bef50cdeafcd3eacc266c3.jpg)
Contacts
Info
Labhraíonn Breandán Ó hEaghra, le h-údair, le léitheoirí agus le foilsitheoirí faoi chúrsaí litríochta na Gaeilge.
![Podcast Cover](https://d3wo5wojvuv7l.cloudfront.net/t_square_limited_480/images.spreaker.com/original/d3122a1207bef50cdeafcd3eacc266c3.jpg)
Podchraoladh LoveLeabharGaeilge
Podchraoladh LoveLeabharGaeilge
Seó Bóthair an tSamhraidh: Eip #3, Raven Bookshop in éineacht le Réaltán Ní Leannáin
30 AUG 2022 · Tá muid ar an mbóthar arís - agus an uair seo ar an gCarraig Dhubh, i mBaile Átha Cliath. Is í Louisa atá i bhfeidhil an siopa leabhar álainn, Raven Bookshop, agus déanann siadsan tréan iarracht i gcónaí i leith na Gaeilge.
Thug muid dúshlán don údar, Réatlán Ní Leannáin: deich nóiméad, an rogha leabhar Gaeilge is ansa léi a aimsiú!
Seó Bóthair an tSamhraidh: Eip#2, i Hodges Figgis le Antain MacLochlainn agus Eoin P. Ó Murchú
23 AUG 2022 · I gclár an lae inniu labhair Breandán leis na húdair, Antain MacLochlainn agus Eoin P. Ó Murchú, i Hodges Figgis.
Charlie Byrnes le Máire Uí Dhufaigh agus Bridget Bhreathnach
8 AUG 2022 · Tá LoveLeabharGaeilge ar an mbóthar don eagrán seo agus muid in éineacht leis na húdair - Bridget Bhreathnach agus Máire Uí Dhufaigh, i Siopa Leabhar Charlie Byrnes i nGaillimh.
Thug muid dúshlán dóibh rannóg na Gaeilge a chíoradh - na leabhair is fearr leo a roghnú, agus moltaí a thabhairt i dtreo an tsiopa leabhar a fheabhsú!
Dairena Ní Chinnéide - Tairseach
17 MAY 2022 · San eagrán seo bhí Breandán i mbun comhrá leis an bhfile Dairena Ní Chinnéide, faoina cnuasach nua filíochta, Tairseach, atá foilsithe ag Éabhlóid.
Súil an Daill - Comhrá le Darach Ó Scolaí
13 APR 2022 · Labhair Breandán le Darach Ó Scolaí, údar 'Súil an Daill' - leabhar atá suite i dTír Eoghain sa bhliain 1539. Tá Conn Bacach Ó Néill ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh. Agus ní hiad amháin atá in iomaíocht — i measc a chomhairleoirí, tá a shéiplíneach Aodh Ó Cearúlláin, a chonstábla Giolla Easpaig Mac Dónaill agus, príomhphearsa an úrscéil, a chomhalta is a chara rúin Conchúr Mac Ardail.
Labhraíonn Breandán Ó hEaghra, le h-údair, le léitheoirí agus le foilsitheoirí faoi chúrsaí litríochta na Gaeilge.
Information
Author | Breandan O hEaghra |
Organization | Breandan O hEaghra |
Categories | Books |
Website | - |
breandan@measmedia.com |
Copyright 2024 - Spreaker Inc. an iHeartMedia Company